“I don’t have a word of Irish”. Sure you do: here’s 100 of them

“Ah sure I don’t have a word of Irish” is one of those throwaway phrases we hear regularly about an Ghaeilge. My response to this is to challenge them to think about it and they normally have lots of Irish; hundreds of words in fact, and can put basic sentences together.

If you studied Irish through school and think you have forgotten it all you might just surprise yourself by having a read of the list below. I bet you will know most of them if not all:

sca,mall focail

Cúpla Focal

  1. Níl
  2. agus
  3. isteach
  4. amach
  5. dia duit
  6. fáilte
  7. beag
  8. mór
  9. nua
  10. sásta
  11. brón
  12. grá
  13. mná
  14. fir
  15. cailín
  16. buachaill
  17. bia

    cóipleabhar

    Cóipleabhar

  18. bainne
  19. siúcra
  20. uisce
  21. tae
  22. caifé
  23. bricfeasta
  24. cáca milis
  25. cupán
  26. milseán
  27. Conas atá tú?
  28. Go maith
  29. go raibh maith agat
  30. slán
  31. abhaile
  32. craic
  33. sláinte
  34. seachtain
  35. lámh
  36. bróg
  37. súil
  38. béal
  39. croí
  40. fiacla
  41. hata
  42. geansaí
  43. aon
  44. do
  45. trí
  46. ceathar
  47. cúig
  48. seacht
  49. ocht
  50. naoi
  51. Gaeilge
  52. Béarla
  53. Éire
  54. raidió
  55. teilifís
  56. liathróid
  57. bainisteoir
  58. ticéad
  59. dearg
  60. bán
  61. dubh
  62. glas
  63. gorm
  64. oráiste
  65. nuacht
  66. aimsir
  67. sneachta
  68. fliuch
  69. Garda Síochána
  70. An Post
  71. scoil
  72. coláiste
  73. Taoiseach
  74. Tánaiste
  75. Dáil
  76. pictiúrlann
  77. snámh
  78. rith
  79. leaba
  80. doras
  81. fuinneog
  82. leithreas
  83. bosca
  84. brúscar
  85. ceol
  86. leabhar
  87. siopa
  88. rothar
  89. tacsaí
  90. bóthar
  91. cnoc
  92. madra
  93. capall

 

So how did you get on? Let me know in the comments below!

Now all you need to do is start making sentences with them and you will be back speaking Irish in no time! Be positive about the language, try out your “cúpla focal” – you would be surprised how fast it comes back to you!

Aodhán

A big thank you to my guinea pigs who tried out the list above- I even asked some people who had never studied Irish in school and they knew most words
 

Gaeilge – Is é a an bealach a múineann siad í

An féidir leat labhairt as Gaeilge? Muna féidir, cén fáth. An gnáth freagra a faighim ó daoine nach féidir labhairt as Gaeilge ná “Bhuel, is é a an bealach a múineann siad ar scoil í”. Cén fáth nach ndéanann muid rud ar bith faoi mar sin? Ba mhaith le 93% den tír go mbeidh an Ghaeilge caomhnaithe nó athnuaite (Taighde ESRI 2008). Is féidir a rá mar sin go bhfuil an chuid is mó den tír báúil don teanga – cén fáth mar sin nach ndéanann muid rud ar bith faoin fhadhb is mó leis an teanga dar le tromlach na ndaoine – ár gcóras oideachais?

Breis is dhá bhliain ó shin bhí neart conspóid nuair a mhol Fine Gael go mbeadh an Ghaeilge roghnach don Ardteist. Bíonn an moladh céanna le cloisteáil uair ar bith atá díospóireacht faoin Ghaeilge inár gcóras oideachais. Cuireann an moladh seo frustrachas orm, ní amháin de bhar an easpa taighde faoin damáiste a dhéanfaidh sé don teanga, ach toisc gur cuir chuige gear-radharcach atá ann ar fhadhb atá a bhfad níos leithne. Tá Fine Gael tar éis an moladh seo a chuir ar leataobh ach an rud a cuireann frustrachas níos mó orm ná an easpa gníomhaíocht chun an bunfhadhbb a réiteach. Caithfimid athchóiriú radacach a dhéanamh ar an mbealach a múineann muid an Ghaeilge ar scoil.

 

An Ghaeilge don Teastas Sóisearach & don Ardteist

Tá cur chuige úr bunaithe ar dhá ábhar ag teastáil sna scrúdaithe stáit. Bain an filíocht, prós agus stair na Gaeilge ón cúrsa reatha, agus déan forbairt orthu mar sainábhar eile, roghnach i gcomhair daltaí le suim faoin leith, ar nós Matamaitic Fheidhmeach. Beidh “Teanga na Gaeilge” mar croí ábhar a dhéanfaidh gach dalta staideár uirthi le béim nua ar an teanga a thuiscint, léamh agus labhairt. Clúdóidh an ábhar seo feasacht teanga agus beidh sí bunaithe ar an bhFráma Coiteann Eorpach de foghlaim teangacha.

Nach cóir don Ghaeilge bheith roghnach?

Beidh éifeacht díobhálach don teanga má tá cinneadh déanta í a dhéanamh roghnach. Aithnítear an botún sa chuir chuige seo sa Ríocht Aontaithe faoi láthair- tá figiúirí don méid daoine atá ag foghlaim teangacha iasachta tar éis titim i leath taobh istigh de 10 bhliain dóibh bheith roghnach. Creidim go mbeadh an scéal níos measa fós in Éirinn. Bíonn teangacha níos deacra don Ardteist agus má tá an Ghaeilge roghnach beidh sí i gcomórtas le ábhair eile atá níos éasca, níos lú oibre nó ábhair atá ag teastáil don chúrsa ollscoile sa todhchaí (m.sh. Bitheolaíocht don Leigheas). Faoi láthair tá an Ghaeilge mar cúrsa a bhfad níos faide le 2 pháipéar, cluastuiscint agus scrúdú béil, beagnach 6 uair de scrúdaithe san iomlán i gcomparáid le ábhair eile a mhaireann 2 nó 3 uair mar scrúdaithe. Beidh daltai díspreagtha ón Ghaeilge ag aois an óg má tá fhios acu go bhfuil sí mar rogha níos faide ar aghaidh sa chóras, d’fhéadfaidh an díspreagadh seo damáiste a dhéanamh i ngach gné don chóras oideachais. De bhar seo ar fad tá baol ann nach mbeidh an Ghaeilge ar fáil I ngach scoil sa tír agus ní bheadh rogha ag gach dalta a teanga naisiúnta a fhoghlaim muna bhfuil go leor daltaí eile ina scoil féin

 

Bunscoileanna

Caithfimid an teanga a thógáil ón seomra ranga le níos mó béim uirthi mar teanga in ionad díreach ábhar scoile. I dtreo sin, ba cheart go mbeidh dara ábhar á múineadh trí Gaeilge i ngach bunscoil sa tír – Ealaíon, Corpoideachas nó Dráma, seo cúpla sampla de ábhar a cabhróidh linn eispéaras níos taitneamhaí a fháil don teanga.

 

Gaelscoileanna

B’fhearr le 25% de dhaoine fásta a bpáistí a sheoladh chuig oideachas lán-Ghaeilge, ach faoi láthair níl ach 4% de na bunscoileanna sa tír seo mar Gaelscoileanna. Tá Oideachas lán-Ghaeilge thar a bheith rathúil – de réir gach staidéar bíonn scoileanna lán-Ghaeilge níos fearr ag Béarla, Mata agus Gaeilge ná scoileanna béarla nuair atá comparáid socheacnamaíoch déanta. Caithfimid an éagothroime seo a neartú nuair atá an soláthar níos lú ná an téileamh faoi láthair.

 

Ár meoin féin

Ar dheireadh ní bhaineann gach rud leis an mbealach a múineann siad ar scoil í. Deirinn daoine liom go rialta nach féidir leo “abairt Gaeilge a chuir le chéile”. Muna féidir leat abairt Gaeilge a chur le chéile ina dhiadh an Ghaeilge a foghlaim ar feadh 14 bhliain ar scoil, tá cuid den locht ort chomh maith lenár gcóras oideachais. Tá cosc meabhrach i gceist le neart daoine nach bhfuil ag iarraidh an teanga a fhoghlaim agus cuireann siad an locht ar an gcóras oideachais. Is cuma cé chomh dona is a bhí do múinteoir Gaeilge, tá sé sách deacair le dul trí 14 bhliain de ábhair ar bith gan cuimhne ar rud ar bith. Mar duine a labhraíonn Gaeilge feicim go laethúil é – ceapann daoine áirithe go bhfuil mé drochbhéasach nó aineolach toisc go bhfuil mé ag labhairt mo theanga go poiblí. An rud atá feicthe agam ná go bhfuil Gaeilge ag neart daoine- tagann sé ar ais le píosa beag cleachtadh. Tá na céadta cursaí Gaeilge, ciorcal comhrá agus imeachtaí timpeall na tíre le cabhrú leat. Caithfidh ár meoin féin i dtreo ár dteanga athrú chomh maith lenár gcóras oideachais.

Bhí Seachtain na Gaeilge againn an tseachtain seo caite- chonaiceamar na mílte imeachtaí eagraithe timpeall na tíre chun an Gaeilge a chur chun cinn. Tá neart rudaí iontach nua ag tarlúint don teanga faoi láthair, ach go háirithe ag an tríú leibhéal – ait gur fhoghlaim mé an chuid is mó don Ghaeilge atá agam go sóisialta. Tá fás dochreidte feicthe againn le 26 Cumann Gaelach ag an tríú leibhéal ag eagrú imeachtaí agus feachtais go seachtainiúil. Tá seans go mbeidh ionadh ort le cloisteáil go bhfuil Gaeilge ag duine as gach triúr sa tír seo – téigh amach is bain triail aistí! Más mhaith leat an Ghaeilge nó má tá gránn agat uirthi- tá sí mar chuid dúinn ar fad. An taon teanga as 6,700 ar domhain gur féidir linn a rá gur linne

A copy of this article was published in English on TheJournal.ie here

Bíonn Aodhán Ó Deá ag obair chun an Ghaeilge a chuir chun cinn ag an dara agus tríú leibhéal. Tá a post chomh-maoinithe idir 5 eagraíocht Gaeilge éagsúla agus caitheann sé an chuid is mó don am ar an mbóthar ag labhairt le scoileanna nó ag eagrú imeachtaí agus feachtais don teanga ag an tríú leibhéal